TÁIRGÍ ÚRA Ó UISCÍ NA HÉIREANN
Go hiomlán inbhuanaithe agus neamhdhíobhálach don timpeallacht
Is é ár misean rogha d’ardchaighdeán de tháirgí feamainne atá roghnaithe go cúramach a thairiscint dár gcustaiméirí.
MAIDIR LINNE
Rugadh agus tógadh Mícheál i sráidbhaile beag Chill Charthaigh ag taobh na farraige i gceartlár ceantar Gaeltachta Dhún na nGall in Éirinn. Siocair gur mac iascaire áitiúil a bhí ann, bhíodh sé ag an chladach ó bhí sé an-óg. Le cois a bheith ag iascaireacht lena theaghlach, bhí sé cheana féin ag cur tús le sábháil feamainne i gcuideachta a chuid deartháireacha agus deirfiúracha nuair nach raibh sé ach deich mbliana d’aois. Bhaintí úsáid as an fheamainn i gcócaireacht, faoi choinne cuspóirí leighis macasamhail leigheas ar chasachtach nó mar leasú i ngarraí nó i bpáirceanna an teaghlaigh. I ndiaidh do a bheith ag obair mar iascaire agus innealtóir ar feadh na mblianta, d’úsáid sé a shaineolas ar fheamainn mar stíurthóir bainistíochta de chomhlacht a tháirg táirgí sláinte agus áilleachta ó fheamainn ar feadh dhá bhliain déag. Sa bhliain 2017, shocraigh sé a chomhlacht beag féin, DonegalBay Seaveg Teo., a bhunú agus speisialtóireacht a dhéanamh i dtáirgí d’fheamainn thirim.Ár misean
Tá sé mar aidhm againn feamainn orgánach atá deimhnithe d’ardcháilíocht a chur ar fáil i dtáirgí feamainne inite agus forbhianna cothaithe. De bhrí go bhfuil sé tábhachtach dúinn bealach inbhuanaithe a bheith againn le déileáil leis an nádúr, ní shábhálann muid ach amháin le lámh. Ligeann seo don fheamainn fás gach uile bhliain. Thairis sin, le sábháil rialta tagann an fheamainn seo go léir ar ais le fás níos láidre gach séasúr.
Choimhéad Mícheál fás na feamainne le 15 bliain. Sábhálann muid le hurraim don nádúr, ag aithint an tábhacht atá le feamainn do bheathra muirí agus don éiceachóras. Táirgeann feamainn cuid mhór ocsaigin agus úsáideann sé cuid mhór dé-ocsaid carbóin.
Tá Donegalbay Seaveg Teo. deimhnithe orgánach ag Iontaobhas Orgánaice Teo., ag aithint an tábhacht atá le bia sláintiúil cothaithe a chur ar fáil dár gcustaiméirí.
-FEAMAINN-
Bia ar dóigh le traidisiún agus todhchaí bhreá.
Glaoigh orainn
Please email us for general enquires. office@donegalbay-seaveg.comBuail Linn
Cuir glaoch ar bhall dár bhfoireann más mian leat bualadh linn go pearsanta chun ár dtáirgí feamainne a phlé. Nó, seol aon cheist chugainn ag oifig@donegalbay-seaveg.com agus tabharfaimid freagra a luaithe agus is féidir. Is féidir leat ár gCeisteanna Coitianta a sheiceáil anseo fosta. Táimid ag tnúth le cloisteáil uait.Cuir glaoch orainn
má tá aon cheist agat faoinár dtáirgí feamainne orgánacha. Beidh áthas orainn ceisteanna ar bith atá agat a fhreagairt.
Cuir glaoch orainn ar +353 (87) 1717027.