Tá sé mar aidhm againn feamainn orgánach atá deimhnithe d’ardcháilíocht a chur ar fáil i dtáirgí feamainne inite agus forbhianna cothaithe. De bhrí go bhfuil sé tábhachtach dúinn bealach inbhuanaithe a bheith againn le déileáil leis an nádúr, ní shábhálann muid ach amháin le lámh. Ligeann seo don fheamainn fás gach uile bhliain. Thairis sin, le sábháil rialta tagann an fheamainn seo go léir ar ais le fás níos láidre gach séasúr.
Choimhéad Mícheál fás na feamainne le 15 bliain. Sábhálann muid le hurraim don nádúr, ag aithint an tábhacht atá le feamainn do bheathra muirí agus don éiceachóras. Táirgeann feamainn cuid mhór ocsaigin agus úsáideann sé cuid mhór dé-ocsaid carbóin.
Tá Donegalbay Seaveg Teo. deimhnithe orgánach ag Iontaobhas Orgánaice Teo., ag aithint an tábhacht atá le bia sláintiúil cothaithe a chur ar fáil dár gcustaiméirí.
má tá aon cheist agat faoinár dtáirgí feamainne orgánacha. Beidh áthas orainn ceisteanna ar bith atá agat a fhreagairt.
Cuir glaoch orainn ar +353 (87) 1717027.